Партнерка на США и Канаду по недвижимости, выплаты в крипто

  • 30% recurring commission
  • Выплаты в USDT
  • Вывод каждую неделю
  • Комиссия до 5 лет за каждого referral

Dianchúrsa Gaeilge

do mhúinteoirí in

iar-bhunscoileanna

Gaeltachta agus

lán-Ghaeilge

Dé Luain - Dé hAoine

15 - 19 Lúnasa 2016

Cill Chainnigh

Níl aon táille ar an gcúrsa seo.

Gearrfar táille €75 ar aon duine a tharraingíonn siar taobh istigh de choicís roimh an chúrsa gan é sin a chur in iúl do COGG.

Tuilleadh eolais: *****@***ie

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus

lán-Ghaeilge

Is cúrsa seachtaine é an dianchúrsa agus tá sé oiriúnach do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhfuil spéis acu feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Cad iad na nithe a ndíreofar orthu sa chúrsa?

Díreofar sa chúrsa ar an saghas teanga a úsáideann múinteoirí ar bhonn laethúil, is é sin frásaí agus stór focal is féidir a úsáid nuair a bhítear ag plé le daltaí sa seomra ranga agus timpeall na scoile, le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí. Díreofar ar na gnéithe is lárnaí agus is úsáidí de ghramadach na Gaeilge.

Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh a lán deiseanna do na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh. Úsáidfear cluichí agus comórtais chun an fhoghlaim a dhéanamh níos spreagúla agus níos éifeachtaí.

НЕ нашли? Не то? Что вы ищете?

Speisialtóireacht

Ar an Aoine díreofar ar théarmaíocht agus ar theanga a bhaineann le teagasc phríomhábhair gach múinteora (seachas teangacha). Múinteoirí fadbhunaithe a bhfuil taithí acu ar theagasc na n-ábhar sin trí Ghaeilge a bheidh i mbun an tseisiúin. Cuirfear comhairle maidir le háiseanna trí Ghaeilge freisin.

Teicneolaíocht an Eolais

Cuirfear ceardlann ar fáil maidir le Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge.

Clár ama an chúrsa

Tosóidh obair an lae ag 9.30, agus críochnófar ag 4.30 Luan go Déardaoin agus ag 3.30 Dé hAoine.

Cuirfear tae/caife ar fáil i rith an tsosa ar maidin, agus cuirfear lón ar fáil. Beifear ag súil gurb í an Ghaeilge amháin a labhrófar, i rith sosanna agus sa seomra ranga.

Cuirfear ranganna faoi leith ar fáil leis na speisialtóirí sna hábhair éagsúla, Aoine 19ú Lúnasa.

Cuirfear críoch leis an gcúrsa Dé hAoine, 19 Lúnasa ag 3.30 p. m.

Aiseolas ó rannpháirtithe

“Is í seo mo chéad bhliain ag múineadh i nGaelcholáiste agus tá níos mó muiníne agam tar éis an chúrsa seo. Bhí seans agam aon cheist a chur ar na speisialtóirí freisin. Bhí an múinteoir go hiontach agus an-chairdiúil.”

“Thaitin na gníomhaíochtaí cumarsáideacha sa rang go mór liom. Go raibh míle maith agaibh.”

“Go ginearálta, bhí an cúrsa thar barr, go háirithe ó thaobh na staire de. Bhí na ranganna cruinnis an-úsáideach freisin.”

“Tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn go cinnte.”

“D’fhoghlaim mé a lán rialacha nach raibh ar eolas agam.”

“Freagraíodh gach ceist a cuireadh agus tá na rialacha i bhfad níos soiléire dom anois.”


Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in

iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Ní mór don fhoirm iarratais seo a bheith faighte ag COGG faoi 5.00p. m. Dé Máirt 9 Lúnasa 2016.

Níl an cúrsa seo oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Béarla.

Ainm & sloinne: _________________________________________________

Seoladh: _______________________________________________________

_______________________________________________________________

Uimhir theagmhála: _______________________________________________

Ríomhphost: ____________________________________________________

Scoil ina bhfuil/mbeidh tú ag obair: ___________________________________

Uimhir rolla: _______________________ Gan scoil: 

Caighdeán Gaeilge: Maith Measartha Lag

Labhairt   

Scríobh   

Má rinne tú cúrsa eile le COGG, cén rang ina raibh tú? ____________________

Scileanna ríomhaireachta:   

Bia

Cuirfear tae/caifé agus lón saor in aisce ar fáil gach lá i rith an chúrsa.

Má tá riachtanais speisialta bia agat, tabhair sonraí: __________________________

Speisialtóireacht (Aoine 19 Lúnasa)

Cuirfear seisiún speisialtóireachta ar fáil i bpríomhábhar gach múinteora, chomh fada agus is féidir (seachas teangacha).

Ábhar don speisialtóireacht: ____________________________ TS  AT 